Ainm: | Antoin Dubh Mac Ruairí | |
Áit Chónaithe: | Mín Lárach, Gort an Choirce |
Áit Dúchais: | Baile Thiar, Oileán Thoraí |
Catagóir: | An Pobal |
Fochatagóir: | Imirce |
Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
D’imigh sé go hAlbain nuair a bhí sé 19 bliana in 1946. Ba obair feirmeoireachta a rinne sé in ‘Ayrshire.’ £2.10 sa tseachtain an pá a bhí acu. Bhí sé ag stopadh i mbothaí agus bhí sin garbh. Bhí an bia iontach gann i rith am an cogaidh agus ina dhiaidh fiú. Cur síos ar an obair a bhí sé ag déanamh; tascobair ar an biatas siúcra agus ar thornapaí. Ní raibh am acu le caitheamh aimsire a bheith acu agus bhí siad ró-fhada ar shiúl ó bhaile ar bith. Bhíodh siad ag scríobh na bhaile agus ag cur anall airgid. | 00:09:26 | |
Na bothaí a bhí siad ag fanacht iontu in Albain agus mar a d’amharc siad ina ndiaidh féin. Bhí luchóga mór sna bothaí agus d’úsáid siad créafóg Thoraí le réitigh leo. | 00:06:04 | |